Sé do bheatha a bhean ba léanmhar, b’é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn

Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, is tú díolta leis na Ghallaibh.

 

Chorus:
Óró, sé do bheatha ‘bhaile! Óró sé do bheatha ‘bhaile

Óró, sé do bheatha ‘bhaile! Anois ar theacht an tsamraidh.

 

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, óglaigh armtha léi mar gharda

Gaeil iad féin ‘s ní Gaill ná Spáinnigh; is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

 

Chorus

 

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam, muna mbeam beo ‘na dhiaidh ach seachtain

Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

 

Chorus


Recent Comments

    Archives

    Categories

    • No categories